パピヨンの部屋 - Welcome to Papillon's room
Translation by Gabriel Rosenstock


Dánta Cúig Líne le Mariko Sumikura
 
 
Duilleoga Tite
 
An bhféadfadh sé a bheith ceart
Go satlófaí
Ar dhuilleoga glioscarnacha
Mar iad
Is go ndéanfaí dusta díobh?
 
 
Drúcht na hOíche 
 
Nach séimh é,
An drúcht a thugann an ceobhrán leis
Feictear sa ghealach chruinn é
Agus neadaíonn sé i measc na nduilleog,
Go dtí go sileann ar pheitil an róis.
 
 
Tinte Fá Shuan 
 
Bíonn an luaithreach
Cneasta leis an tine.
An tAm
Tá súil agam
Cneasta leis an ngrá.
 
 
 
Translation by Gabriel Rosenstock
 
Would like more....Click here